Cód iompair
Is éard is lechéile.eu ardán institiúideach, neamhpháirtithe Pharlaimint na hEorpa, atá neamhspleách ar aon pháirtí polaitiúil agus idé-eolaíocht. Is é cuspóir na gníomhaíochta cumarsáide rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn san Aontas Eorpach. Ní thacaíonn Parlaimint na hEorpa mar institiúid le haon pháirtí polaitiúil sonrach ná le feisirí sonracha de Pharlaimint na hEorpa.
Trí pháirt a ghlacadh san fheachtas cumarsáide, tugann tú le fios nach scaipfidh tú ábhar ná nach reáchtálfaidh tú ócáidí:
-
a sháraíonn cearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh i gcoitinne (airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh);
-
a dhéanann leithcheal ar bhonn cuma, cine, eitneachta, reiligiúin nó creidimh, gnéis, cultúir nó bunúis, éagumais, aoise nó claonadh gnéis, nó atá maslach ar na boinn sin (airteagal 10 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh);
-
a ghríosaíonn foréigean agus/nó ciapadh ar dhaoine eile;
-
atá pornagrafach nó a áiríonn naisc chuig ábhar pornagrafach nó suíomhanna pornagrafacha;
-
a éascaíonn nó a chuireann gníomhaíochtaí neamhdhleathacha chun cinn;
-
a sháraíonn aon reachtaíocht nó rialacháin infheidhme.
Coimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart aici féin rannpháirtithe a chosc a sháraíonn coinníollacha thuasluaite an fheachtais chumarsáide.