Beartas príobháideachta
-
Réamhrá
Ón 11 Nollaig 2018, is le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 a rialaítear cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí an Aontais. Faoin Rialachán sin, leantar na prionsabail agus na rialacha céanna agus a bunaíodh faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí,
Bunaithe ar Airteagail 15 agus 16 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirimid an fhaisnéis seo thíos ar fáil.
Féadfaidh naisc le suíomhanna gréasáin eile a bheith ar an suíomh gréasáin seo. Níl Parlaimint na hEorpa freagrach as ráitis phríobháideachais ná as cleachtais phríobháideachais ar shuímh ghréasáin tríú páirtí.
-
Cén fáth a mbailímid, a stórálaimid agus a bpróiseálaimid do chuid sonraí?
Bailímid agus próiseálaimid do chuid faisnéise pearsanta d’fhonn fanacht i dteagmháil le saoránaigh, a léirigh go toilteanach gur mian leo a bheith ar an eolas faoi obair laethúil Pharlaimint na hEorpa, nó gur mian leo páirt a ghlacadh inti, agus aghaidh ar thoghcháin na hEorpa 2024.
Déantar do chuid faisnéise pearsanta a láimhseáil de réir na gcoinníollacha a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 5, Rialachán (AE) 2018/1725. Is ar mhaithe le leas an phobail a dhéantar na cúraimí a bhaineann le feachtas institiúideach faisnéise agus cumarsáide Pharlaimint na hEorpa agus tá siad bunaithe ar Chreatlach Forghníomhaithe Straitéisigh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta de réir mar is gá chun na cúraimí thuasluaite a chur i gcrích agus ní dhéanfar sin ach amháin má thugann tú cead soiléir don phróiseáil. Ní dhéanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch ar chucu a tarchuireadh iad .
-
Cé atá freagrach as próiseáil do chuid sonraí? (Rialaitheoir)
Is í Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide i bParlaimint na hEorpa atá freagrach as próiseáil do chuid sonraí.
Is é an tOifigeach Cosanta Sonraí i bParlaimint na hEorpa a áirithíonn go ndéantar forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm laistigh den institiúid.
Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ag gníomhú mar údarás maoirseachta neamhspleách. Cinntíonn MECS go ndéanann institiúidí agus comhlachtaí uile AE an ceart chun príobháideachta atá ag daoine a urramú nuair a bhíonn sonraí pearsanta na ndaoine sin á bpróiseáil acu.
-
Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid?
Ní bhailímid ach faisnéis atá de dhíth orainn chun na gcríoch a leagadh amach tráth an bhailiúcháin a chomhlíonadh, agus is féidir leat an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta uair ar bith.
Baileoimid faisnéis uait sna bealaí seo a leanas:
-
Uait féin go díreach agus/nó ar an teileafón
-
Nuair a chláraíonn tú ar an suíomh
Seo thíos an fhaisnéis a d’fhéadfaimis, le cead uait, a bhailiú uaitse:
-
Ainm agus Sloinne;
-
Sonraí teagmhála (e.g. seoladh ríomhphoist, áit chónaithe, uimhir theileafóin, etc.);
-
Rogha teanga;
-
Sainroghanna i dtaca le cumarsáid amach anseo, lena n-áirítear sainroghanna síntiúis agus réimsí spéise i gceann amháin nó níos mó d’fhochatagóirí téamacha áirithe a gcinneann tú tuilleadh faisnéise a fháil ina leith (roghnach);
-
I gcás ina dtograíonn tú clárú trí Facebook nó Twitter, féadfar do shonraí teagmhála a bhailiú freisin tríd an modh cláraithe a roghnaigh tú.
-
Chun críocha staidrimh agus tuairiscithe, coinníonn Parlaimint na hEorpa taifead freisin ar líon na n-úsáideoirí arna n-earcú ag úsáideoirí eile tríd an ardán.
-
Chun críocha staitistiúla agus tuairiscithe, coinníonn Parlaimint na hEorpa cuntas chomh maith ar rátaí oscailte na ríomhphost a sheoltar.
-
D’fhéadfadh sé go mbeadh céimeanna breise i gceist tráth a reáchtáiltear comórtais ar líne tríd an ardán seo, faoina gceanglófaí sonraí pearsanta breise a phróiseáil chun socruithe taistil a dhéanamh, amhail na sonraí sin a bhíonn i bpas (ainm, dáta breithe, dáta agus áit imeachta agus fillte, ríomhphost teagmhála, grianghraf den chárta aitheantais nó den phas).
Tabhair seo faoi deara, le do thoil: de réir thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, trí na sonraí thuas a bhailiú agus a phróiseáil tá seans go ndéanfar próifíliú ort d’fhonn go bhfaighidh tú faisnéis a bheidh ábhartha duitse.
Fianáin agus stóráil áitiúil
Socraíonn an suíomh gréasáin seo fianáin chun feidhmeanna a chumasú nó a fheabhsú nó chun an nascleanúint don úsáideoir a dhéanamh níos fearr, agus chuige sin amháin. Ní úsáideann an Pharlaimint fianáin i gcás ar bith chun sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil, a scaipeadh nó a thaifeadadh. Ach cliceáil ar an nasc ‘Athraigh sainroghanna fianáin’ ar bun an leathanaigh, is féidir le húsáideoirí na socruithe fianáin a athrú go héasca i ndiaidh dóibh rogha a dhéanamh i gcéaduair,
Cad a dhéanfaidh tú mura bhfuil tú ag iarraidh fianáin a bheith socraithe ar do ríomhaire?
Measann daoine áirithe go gcuireann sé isteach beagán ar an bpríobháideacht faisnéis a stóráil ar a ríomhaire nó ar a ngléas móibíleach, go háirithe nuair is tríú páirtí a dhéanann an fhaisnéis sin a stóráil nó a úsáid i ngan fhios dóibh. Más fearr leat, is féidir bac a chur ar chuid de na fianáin nó ar gach fianán, nó is féidir na fianáin atá socraithe cheana féin a scriosadh fiú, ach bí ar an eolas go bhféadfá cuid de na feidhmeanna a chailleadh. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh tú na socruithe príobháideachta ar do bhrabhsálaí a athrú.
Tá uirlisí forbartha ag roinnt oibreoirí tríú páirtí chun bailiúchán agus úsáid faisnéise a dhíchumasú trína modúil féin.
Fianáin tríú páirtí
Facebook D’fhéadfadh sé go n-úsáideann Twitter, Youtube agus Google Map fianáin chun inneachar a chomhroinnt ar líonraí sóisialta nó chun staidreamh rochtana a ghiniúint. D’fhéadfadh láithreacht, líon agus stádas na bhfianán brath ar an gcaoi a n-úsáideann tú na hardáin sin roimh do chuairt nó i rith do chuairte ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
Ba cheart duit a fháil amach duit féin cad é beartas an tsuímh ábhartha maidir le fianáin líonraí sóisialta, rud is féidir a dhéanamh trí chliceáil ar na naisc ábhartha. Ach cliceáil ar an nasc ‘Athraigh sainroghanna fianáin’ ar bun an leathanaigh, is féidir leat freisin do shainroghanna fianáin a nuashonrú don suíomh seo.
Cad is fianán ann?
Úsáideann formhór na suíomhanna gréasáin a dtugann tú cuairt orthu fianáin chun feabhas a chur ar an úsáid is féidir a bhaint as an suíomh. Cumasaíonn na fianáin don suíomh ‘cuimhneamh’ ort - bíodh sé le haghaidh thréimhse do chuairte (le cabhair ó ‘fhianán seisiúin’) nó le haghaidh cuairteanna athuaire (le cabhair ó ‘fhianán marthanach’).
Féadfaidh na fianáin réimse leathan feidhmeanna a bheith acu. Cumasaíonn siad duit nascleanúint idir leathanaigh ar bhealach éifeachtúil, do roghanna a stóráil agus an úsáid is féidir a bhaint as an suíomh gréasáin a fheabhsú tríd is tríd. Déanann na fianáin an t-idirghníomhú idir tú féin agus an suíomh gréasáin níos sciobtha agus níos éasca. Mura mbaineann suíomh gréasáin úsáid as fianáin, glacfaidh sé leis gur cuairteoir nua thú gach uair a rachaidh tú chuig leathanach nua ar an suíomh – mar shampla, nuair a dhúnann tú roghchlár chun dul ar aghaidh chuig leathanach nua, ní chuimhneoidh sé gur dhún tú an roghchlár ar an leathanach roimhe sin agus taispeánfaidh sé an chéad leathanach eile agus roghchlár an leathanaigh nua sin ar oscailt air.
Baineann roinnt suíomhanna gréasáin úsáid as fianáin chun a chumasú dóibh spriocdhíriú a dhéanamh ar a dteachtaireachtaí fógraíochta nó margaíochta bunaithe, mar shampla, ar an áit a bhfuil tú agus/nó do nósanna brabhsála.
Féadfaidh an suíomh gréasáin a bhfuil tú ar cuairt air fianáin a shocrú (‘fianáin céad pháirtí’) nó is féidir le suíomhanna gréasáin eile a ritheann inneachar ar an leathanach a bhfuil tú ag breathnú air fianáin a shocrú (‘fianáin tríú páirtí’).
Cad atá i bhfianán?
Is téacschomhad beag é fianán a stórálann freastalaí suímh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach. Dá bharr sin, beidh an freastalaí sin in ann inneachar an fhianáin sin a aisghabháil nó a léamh. Is é do bhrabhsálaí a bhainistíonn fianáin. Tá gach fianán uathúil agus bíonn roinnt faisnéise anaithnid ann amhail aitheantóir uathúil, ainm an tsuímh, digití agus litreacha. Cumasaíonn sé do shuíomh gréasáin cuimhneamh ar do roghanna brabhsála.
Cineálacha fianán
Fianáin céad pháirtí
Is é an suíomh gréasáin a bhfuil tú ar cuairt air a shocraíonn fianáin céad pháirtí agus is é an suíomh sin amháin atá in ann iad a léamh.
Fianáin tríú páirtí
Is eagraíocht eile atá éagsúil ó úinéir an tsuímh ghréasáin a bhfuil tú ar cuairt air a shocraíonn agus a úsáideann fianáin tríú páirtí. Mar shampla, chun an méid daoine a thugann cuairt ar shuíomh gréasáin a thomhas, d’fhéadfadh an suíomh gréasáin cuideachta anailísíochta tríú páirtí a úsáid, agus shocródh an chuideachta sin a fianán féin chun an tseirbhís sin a chur i gcrích. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh inneachar leabaithe ar an suíomh a bhfuil tú ar cuairt air – físeáin YouTube nó taispeántais sleamhnán Flickr, mar shampla. Féadfaidh na suíomhanna sin a bhfianáin féin a shocrú freisin.
Níos suntasaí fós, féadfaidh suíomh gréasáin líonra fógraíochta tríú páirtí a úsáid chun fógraíocht spriocdhírithe a sholáthar. Ní úsáideann an Pharlaimint seirbhísí fógraíochta.
Fianáin seisiúin
Stóráiltear fianáin seisiúin go sealadach le linn seisiún brabhsála agus scriostar iad ó ghléas an úsáideora nuair a dhúntar an brabhsálaí.
Fianáin mharthanacha
Sábháiltear fianáin mharthanacha ar do ríomhaire go ceann tréimhse socraithe (de ghnáth go ceann bliana nó níos faide) agus ní scriostar iad nuair a dhúntar an brabhsálaí. Úsáidtear iad nuair nach mór dúinn a bheith ar an eolas cé thú féin ar feadh níos mó ná seisiún brabhsála amháin.
Flaisfhianáin
Úsáideann roinnt suíomhanna gréasáin Adobe Flash Player chun inneachar físe agus grafaicí faisnéise a sholáthar dá n-úsáideoirí. Úsáideann Adobe a chuid fianán féin agus ní féidir iad sin a bhainistiú i socruithe do bhrabhsálaí. Úsáidtear iad in Flash Player chun na gcríoch céanna agus a úsáidtear fianáin eile, i.e. chun sainroghanna a stóráil nó úsáideoirí a rianú.
Feidhmíonn flaisfhianáin ar bhealach atá éagsúil le fianáin do bhrabhsálaí gréasáin féin. In ionad fianáin shonracha a bheith ann le haghaidh feidhmeanna ar leith, tá srian curtha leis an suíomh gréasáin sa mhéid go ndéantar na sonraí go léir atá bainteach leis an suíomh a stóráil i bhfianán amháin. Is féidir leat an méid faisnéise is féidir a stóráil san fhianán sin a rialú, ach ní féidir leat an cineál faisnéise atá ceadaithe a stóráil a roghnú.
-
-
Cé dó a ndéantar do chuid sonraí a nochtadh?
Is iad foireann Pharlaimint na hEorpa agus foireann an phróiseálaithe sonraí amháin a bhfuil rochtain acu ar do shonraí. Ní dhéanann Parlaimint na hEorpa aon sonraí a tharchur chuig páirtithe nach iad na faighteoirí sin iad. Ní bheadh baint ag an gCúirt Iniúchóirí, ag an gCúirt Bhreithiúnais ná ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) leo ach amháin i gcás iniúchadh nó nós imeachta breithiúnach. Ní dhéanann Parlaimint na hEorpa aon sonraí pearsanta a tharchur chuig tríú páirtithe le go ndéanfaí margaíocht dhíreach.
-
Cá fhad a choimeádfar do shonraí?
Stórálfar sonraí pearsanta chun na gcríocha a bailíodh iad go dtí go n-iarrann na daoine a mbaineann na sonraí leo go nglanfar iad, nó go dtí Meán Fómhair 2024, sin deireadh thréimhse thoghcháin na hEorpa.
-
Conas a stóráiltear do shonraí?
Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta do shlándáil d'fhaisnéise pearsanta a chosaint. Bainimid úsáid as réimse éagsúil teicneolaíochtaí slándála agus nósanna imeachta a chabhraíonn le dʼfhaisnéis phearsanta a chosaint ó rochtain, úsáid nó foilsiú neamhúdaraithe.
Déantar do chuid sonraí a stóráil i bhfreastalaithe slána a bhfuil rochtain theoranta orthu, agus tá na freastalaithe sin lonnaithe i saoráidí faoi rialú. Chun críocha stórála agus cothabhála, féadfar na sonraí pearsanta a aistriú chuig SAM i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi chreat Sciath Phríobháideachais AE-SAM.
-
Conas is féidir leat do chuid sonraí a rochtain, a gcruinneas a sheiceáil agus, más gá, iad a cheartú nó iad a scriosadh?
Nuair a phróiseálann Parlaimint na hEorpa (nó aon institiúid AE) do chuid sonraí pearsanta, tá de cheart agat eolas a fháil faoi.
Tá de cheart agat rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin agus go gceartófar é gan rómhoill má tá sé neamhchruinn nó neamhiomlán
Tá de cheart agat do chead a aistarraingt am ar bith; ní bheidh tionchar ag an aistarraingt seo ar dhlíthiúlacht na próiseála bunaithe ar an gcead a thug tú roimh an aistarraingt.
Faoi chúinsí áirithe, tá de cheart agat iarraidh orainn do shonraí pearsanta a scriosadh nó úsáid as na sonraí sin a theorannú.
Más bainteach, tá de cheart agat cur i gcoinne ár gcuid próiseála ar do shonraí pearsanta, de bharr do chás áirithe féin, ag am ar bith, agus tá ceart agat ar iniomparthacht sonraí
Déanfaimid measúnú ar d’iarratas, déanfaimid cinneadh agus cuirfimid ar an eolas thú gan rómhoill agus, ar chaoi ar bith, laistigh de mhí amháin tar éis dúinn d’iarratas a fháil. Más gá, d’fhéadfaí síneadh ama dhá mhí a chur leis an tréimhse sin.
Má dhéantar do shonraí pearsanta a athrú, tá sé de cheart agat iarraidh orainn na hathruithe sin a chur in iúl, nuair is féidir, do pháirtithe eile a roinneadh do shonraí leo.
Mar atá sé leagtha amach sa dlí, tá sé de cheart agat freisin gan a bheith faoi réir cinntí uathoibrithe a mbeadh tionchar acu ort (cinntí arna ndéanamh ag meaisíní amháin).
I gcás ar bith, tá sé de cheart agat dul i muinín an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, an t-údarás maoirseachta ábhartha.
Maidir le do shonraí pearsanta, tá do chearta leagtha amach in Airteagail 17-24 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Chumarsáid Gréasáin. Mura bhfuil an t-aonad in ann d’iarratas a fhreagairt, iarrfaidh siad tacaíocht theicniúil ar an bpróiseálaí sonraí.
Má tá aon údar imní agat maidir le próiseáil do chuid faisnéise pearsanta tríd an ardán seo, déan teagmháil freisin, más mian leat, le hArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide le haghaidh phróiseáil na sonraí sin.
Teagmháil:
Parlaimint na hEorpa
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide - An tAonad um Chumarsáid Gréasáin
Rue Wiertz 60
B-1047 Brussels
-
Ceart cúitimh
Is féidir gearáin a sheoladh am ar bith:
-
chuig an Oifigeach Cosanta Sonraí i bParlaimint na hEorpa
Déan teagmháil trí ríomhphost: [email protected]
-
o chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.
Déan teagmháil trí ríomhphost: [email protected]
-